19/04/16

Cuireann an tAire Stáit McHugh fáilte roimh fhógra do phoist i nGaoth Dobhair

Tá fáilte curtha inniu (19/4/16) ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., roimh an scéal go bhfuil an comhlacht margaíocht dhigiteach SLM Connect, atá bunaithe i Manchain Shasana, chun a gcuid oibríochtaí a leathnú agus gnó nua a bhunú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, sna Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall. Tá Údarás na Gaeltachta ag cur tacaíocht ar fáil don togra seo a chruthóidh 125 post nua.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go mbeidh tionchar mór eacnamaíoch ag infheistíocht SLM ar Ghaeltacht Dhún na nGall. “Is léiriú muiníne sa cheantar agus sna hoibrithe áitiúla é an cinneadh seo atá déanta ag SLM gnó nua a bhunú i nGaoth Dobhair. Molaim Údarás na Gaeltachta as an infheistíocht seo a mhealladh go Gaeltacht Dhún na nGall.  Is léiriú é seo ar an bhealach gur féidir le hiarthar na hÉireann, agus an Ghaeltacht ach go háirithe, tairbhe a bhaint as cruthú fostaíochta trí infheistíocht dhíreach ó thar lear."

"Tá an fógra seo fíorthábhachtach do cheantar Ghaoth Dobhair," a dúirt an tAire Stáit McHugh, "mar is teachtaireacht é go bhfuil an ceantar oscailte fá choinne gnó agus go bhfuil deiseanna iontacha infheistíochta anseo do chuideachtaí ilnáisiúnta a bhuíochas dár bhfórsa oibre atá óg, solúbtha agus oilte go maith."

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service