17/12/15

Fáiltíonn an tAire Stáit McHugh roimh an soláthar breise d’Údarás na Gaeltachta don bhliain 2016

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., roimh an bhfógra go mbeidh €1m breise de mhaoiniú caipitil ar fáil ag Údarás na Gaeltachta in 2016.   “Ciallaíonn an fógra seo go mbeidh cistiú iomlán de €6.687m ag Údarás na Gaeltachta a chuideoidh leo poist a choinneáil ina gcliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta”, a dúirt an tAire Stáit.

Sa ráiteas ón Aire Stáit rinne sé tagairt don obair cheannródaíoch atá ar bun ag an Údarás, go háirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht i gcomhar leis na heagraíochtaí pobail ar an talamh. “Is obair fíor-thábhachtach í seo” a dúirt sé. “Dúirt mé go raibh sé i gceist agam tuilleadh maoinithe a lorg don Údarás faoin phróiseas meastachán athbhreithnithe agus tá áthas orm go bhfuil an maoiniú breise seo faighte agam anois", a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service