11/12/15

Fáilte á cur ag an Aire Stáit McHugh roimh cheapachán comhaltaí chuig bord an Fhorais Teanga

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil ceapacháin chun bord an Fhorais Teanga déanta ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) ag cruinniú i bhformáid iomlánach in Ard Mhacha inniu (an 11 Nollaig). Ceapadh na comhaltaí boird seo a leanas chun ionadaíocht a dhéanamh ar an dlínse ó dheas go ceann ceithre bliana:

Foras na Gaeilge
Seosamh Mac Donnchadha (Cathaoirleach)
An Dr Deirdre Ní Chiardubháin
Seán Micheál Ó Domhnaill
Gráinne McElwain
Seán Ó hArgáin
Bláthnaid Ní Chofaigh
Seán Ó Coisdealbha
Alma Kavanagh

Gníomhaireacht na hUltaise
Freddie Kettle (Leaschathaoirleach)
Val O’Kelly
Allen McAdam
Ida Fisher

Agus é ag cur fáilte roimh na ceapacháin, mhol an tAire Stáit McHugh tiomantas, dúthracht agus díograis na gcomhaltaí atá ag éirí as agus ghuí sé gach rath ar cheapaithe an lae inniu i ngníomhaireachtaí an Fhorais Teanga.

Críoch

Nótaí d'Eagarthóirí
Is comhlacht forfheidhmithe thuaidh theas é an Foras Teanga agus tá dhá ghníomhaireacht ar leithligh ann, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulstèr-Scotch). Tá 16 comhalta boird ag Foras na Gaeilge agus tá 8 comhalta boird ag Gníomhaireacht na hUltaise. Déantar ceapacháin ar bhonn 50:50 ag an dá dhlínse, ó thuaidh agus ó dheas.

Foras na Gaeilge
Seosamh Mac Donnchadha (Cathaoirleach), Iar-Phríomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma, comhalta reatha de bhord Fhoras na Gaeilge.
An Dr Deirdre Ní Chiardubháin, Príomhoide, Scoil Bhríde, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath.
Seán Micheál Ó Domhnaill, Iar-phríomhoide, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall, comhalta  reatha de bhord Fhoras na Gaeilge.
Gráinne McElwain, Táirgeoir/Láithreoir/Iriseoir, Co. na Gaillimhe.
Seán Ó hArgáin, Príomhoide, Gaelscoil Osraí, Cill Chainnigh.
Bláthnaid Ní Chofaigh, láithreoir teilifíse & raidió, Baile Átha Cliath.
Seán Ó Coisdealbha, Príomhfheidhmeannach, Muintearas, Co. na Gaillimhe.
Alma Kavanagh, Príomhoide, Bunscoil Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall.

Gníomhaireacht na hUltaise
Freddie Kettle (Leaschathaoirleach), Fear Gnó, Co. an Chabháin.
Val O'Kelly, Céimí san Eolaíocht Shóisialta agus Obair Shóisialta, Co. Dhún na nGall. Comhalta reatha de bhord Ghníomhaireacht na hUltaise.
Allen McAdam, Fear Gnó agus Sainchomhairleoir Forbartha Tuaithe, Co. Mhuineacháin.
Ida Fisher, Iar-oifigeach tionscadail, Comhairle Contae Dhún na nGall.  Comhalta reatha de bhord Ghníomhaireacht na hUltaise.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service