20/09/20

Chomhghairdeas déanta ag Airí le Sam Bennett as an geansaí uaine a thabhairt leis ag an Tour de France

Rinne Catherine Martin T.D., an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, agus Jack Chambers T.D. Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Spóirt agus Gaeltachta comhghairdeas le rothaí na hÉireann Sam Bennett as an ngeansaí uaine a thabhairt leis ag an Tour de France.

Dúirt an tAire Martin "Tá ríméad orm comhghairdeas a dhéanamh le Sam Bennett as an ngeansaí uaine a thabhairt leis ag an Tour de France. Bhí rás na bliana seo thar a bheith crua le hais blianta eile agus is éacht thar na bearta atá déanta aige an geansaí uaine a choinneáil ó Peter Sagan a bhfuil an gradam buaite aige seacht n-uaire ó Chéim 10 ar aghaidh. Chaithfeadh sé go bhfuil an bua níos fearr fós ó tharla gur le ceann de na scothfhoirne a mbíodh sé ag breathnú orthu agus é ina leanbh a fuair sé é agus níl aon dabht ach go bhfuil a chomhrothaithe i Deceuninck–Quick-Step agus, a mhuintir, a chairde agus gach a bhfuil i gCarraig na Siúire fíorbhródúil as inniu."

Dúirt an tAire Chambers "Comhghairdeas le Sam as an ngeansaí uaine a bhuachan ag an Tour de France inniu. Tá 31 bliain caite ó thug fear eile as Carraig na Siúire ó dhúchas, Seán Kelly, leis an geansaí uaine don cheathrú huair agus is iontach an borradh a chuirfidh d'éacht inniu faoi rothaíocht na hÉireann. Luach saothair atá sa gheansaí uaine ar an obair chrua agus ar an dúthracht atá léirithe agat i leith do spóirt le blianta beaga anuas agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ort amach anseo."

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service