27/12/18

Déanann an tAire Madigan agus Kyne machnamh ar bhliain chinniúnach

Déanann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D. agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, T.D., machnamh ar 2018

Dúirt an tAire Madigan agus í ag machnamh ar bhliain inar leagadh an cultúr agus an chruthaitheacht i gceartlár beartas Rialtais agus inar aimsíodh roinnt seandálaíocht spreagúil nua agus inar iontráil Deich mBliana na gCuimhneachán céim thábhachtach: “Agus súil á caitheamh siar agam ar bhliain inar baineadh amach an oiread sin éachtaí agus rath iontach agus inar cruthaíodh go leor cuimhní iontacha, meabhraítear dom láithreach an t-imeacht ar leith ba mhó a thaitin liom féin – an cuimhneachán bliana a rinneadh ar ghluaiseacht an chirt vótála do mhná a fhad leis an gceiliúradh ar olltoghchán stairiúil 1918.

“Ábhar mór sásaimh dúinn go léir gur baineadh an oiread sin amach chun an cultúr agus an chruthaitheacht a chur chun cinn, sa bhaile agus thar lear araon. San áireamh leis seo sa tír féin bhí Clár Éire Ildánach a thabhairt isteach – a bhfuil de chuspóir aige tacú leis an gcruthaitheacht agus í a fhorbairt ar fud ár sochaí trína chéile – agus leagadh cultúr na hÉireann i gcroílár bheartas Rialtais Éire Dhomhanda 2025 agus trí ‘GB18’ , thacaigh Cultúr Éireann le clár speisialta a dhírigh ar ealaín agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar fud na Ríochta Aontaithe.

“Ba bhliain chinniúnach í seo, chomh maith, dár n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha – idir na láithreáin seandálaíochta ar thángthas orthu ar fud thírdhreach Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne agus próiseas comhairliúcháin a sheoladh maidir le hOidhreacht Éireann 2030 a mhúnlóidh beartas oidhreachta a fhad leis an mbliain 2030 agus ina dhiaidh, agus infheistíochtaí suntasacha chun ár bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra a fhorbairt, tionscadal mór athchóirithe ina measc ag Teach Chill Airne – atá ina ionad cuairteoirí den scoth anois.”

Dúirt an tAire Stáit Kyne fad a dhruideann Bliain na Gaeilge chun críche: “Cé gur thacaigh an Rialtas le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge i gcónaí, ba í 2018 ‘Bliain na Gaeilge – ceiliúradh ar ár dteanga sa bhaile agus thar lear araon faoi phátrúnacht an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUiginn. Le linn Bhliain na Gaeilge, cuireadh clár gníomhaíochtaí agus imeachtaí cruthaitheacha, ealaíonta agus pobail ar siúl chun an Ghaeilge a cheiliúradh agus chun rannpháirtíocht mhéadaithe sa teanga a spreagadh, agus d’éirigh go geal leis.

“Níorbh ann seo, áfach, ach gné amháin dár dtacaíocht leanúnach don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht, go náisiúnta agus thar lear – foilsíodh Pleananna um Chur i bhFeidhm 5 Bliana i Meitheamh mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, rinneadh dul chun cinn ar Limistéir Phleanála Teanga na Gaeltachta, tugadh tacaíocht don earnáil choláistí Gaeilge agus tugadh cistiú d’institiúidí oideachais ar fud an domhain ina múintear an Ghaeilge.”

Roinnt buaicphointí ón mbliain 2018:

Na hEalaíona agus an Cultúr

  • Tugadh roinnt tionscnaimh nua isteach faoi Chlár Éire Ildánach – atá ar bun anois le dhá bhliain anuas – agus ba shamplaí suntasacha go leor díobh de chomhoibriú agus forbairt Thrasrannach agus idirghníomhaireachta:
  • D’éirigh go geal le Cruinniú na nÓg (a cuireadh i láthair i gcomhar leis na 31 Údarás Áitiúil agus RTÉ) a thit amach den chéad uair i Meitheamh 2018, agus cuireadh 500 imeacht ar siúl fud fad na tíre, agus tá pleananna ar na bacáin cheana féin don 15 Meitheamh 2019. Léirigh físeáin a rinne ceiliúradh ar an lá a bhain breis agus leathmhilliún amharc amach ar chainéil mheán sóisialta na Roinne a fheabhas ar glacadh leis. (Is í Éire an t-aon tír ar domhan ina gcuirtear lá náisiúnta cruthaitheachta ar siúl do leanaí agus daoine óga.)
  • Sa mhullach ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus le tacaíocht agus ionchur ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, tá an Roinn ag oibriú go dlúth ar roinnt tionscadail cheannródaíocha, ar nós 150 ‘Scoil Ildánach’ (faoi stiúir na Comhairle Ealaíon agus ina bhfuil 38,000 leanbh scoile bainteach). Tá 73 scoil ag oibriú as lámh a chéile i mBraislí nua Cruthaitheacha agus tá Glúin an Cheoil á tabhairt isteach go náisiúnta faoi láthair.
  • I Meán Fómhair, seoladh ‘Straitéisí Cultúir agus Cruthaitheachta’ nua 5 bliana do gach ceann de na 31 Údarás Áitiúil i dteannta na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Tá tionscadail nuálacha a chuimsíonn líonraí leabharlainne, an oidhreacht, an tsláinte agus an fholláine, an teicneolaíocht, na healaíona agus fiontraíocht ag titim amach fud fad na tíre.
  • I nDeireadh Fómhair, fógraíodh 30 tionscnamh nua comhoibritheach trasearnála mar chuid den Chiste Cruthaitheachta Náisiúnta, Le Chéile ina measc, an chéad ensemble ceoil do cheoltóirí faoi mhíchumas san Eoraip, atá faoi stiúir Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann agus a raibh Ceolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann a bhunú mar bhuaicphointe de; chuir The Ark an chéad fhéile chruthaitheachta do leanaí a bhí deartha ag leanaí ar siúl; chuir Foras Ailtireachta na hÉireann clár ‘Re-Imagine’ ar siúl a dhéanann pobail a cheangal lena gcomharsanachtaí agus lena dtimpeallacht áitiúil trí úsáid a bhaint as straitéisí cruthaitheacha agus comhoibritheacha dearaidh.
  • Thacaigh Cultúr Éireann le tionscadail in 50 tír a bhain lucht éisteachta comhiomlán 3 milliún duine amach, clár GB18 a raibh glacadh mór leis ina measc – clár ina ndearnadh infheistíocht de bhreis ar €1 milliún agus inar cuireadh 118 tionscadal i láthair lucht éisteachta iomlán leathmhilliún duine ar fud na Ríochta Aontaithe. Bhí imeachtaí á gcur ar bun den chéad uair riamh a bhí á dtacú ag Cultúr Éireann i mbreis agus 200 ionad sa chlár.
  • Thacaigh an Roinn le rannpháirtíocht i gComhdháil Dhébhliantúil na Veinéise (Venice Biennale) – a bhí á coimeád in 2018 ag beirt ailtirí Éireannacha – a chruthaigh deis uathúil d’Éirinn chun sárthaispeántas a dhéanamh de thallann na hÉireann don domhan agus a chur ar chumas ailtirí Éireannacha chun nochtadh idirnáisiúnta a bhaint amach agus deiseanna a chruthú chun a saothar a chur i láthair go hidirnáisiúnta.
  • Forais Chultúrtha Náisiúnta:
  • Osclaíodh Ionad Cultúir agus Oidhreachta nua in Iúil ag Banc na hÉireann, Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath 2 – ar chomhpháirtíocht é idir an Roinn agus Banc na hÉireann. Cuirfear réimse taispeántais thábhachtacha ar siúl san Ionad – agus ar an gcéad cheann díobh, beidh ‘Séamus Heaney: Listen Now Again’ – ina bhfiosrófar saothair shaoil an fhile a bhain duais Nobel, Séamus Heaney, agus ina mbainfear leas as cartlann fhorleathan lámhscríbhinní Heaney Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
  • I measc an iomaí taispeántais iontaigh ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mbliana, dhírigh an Gailearaí, ó Iúil go Deireadh Fómhair, ar shaothar péinteáilte agus grafach an ealaíontóra Éireannaigh Roderic O’Conor – a thaispeáin an méid an-bhunúil a chuir sé leis an turgnamhaíocht a rinne an ealaín a athrú ó bhonn san Eoraip go déanach sa naoú haois déag agus ní raibh go leor de na saothair ealaíne curtha i láthair an phobail roimhe sin.
  • Lean an Roinn ag tacú le digitiú foras cultúrtha, bailiúchán agus cartlann in 2018, agus tugadh tacaíocht do láithreán gréasáin nua a sholáthraíonn rochtain ar líne ar bhailiúcháin Leabharlann Chester Beatty ar a bhfuil cáil dhomhanda – lena n-áirítear faisnéis fhorleathan ar thaispeántais agus cláir phoiblí agus bunachar sonraí nua inchuardaithe d’íomhánna digiteacha ardtaifigh ó bhailiúchán an mhúsaeim;
  • Chomhaontaigh an Rialtas leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúntal a aistriú chuig an gCeoláras Náisiúnta;
  • Foilsíodh Plean Gníomhaíochta Closamhairc nua €200 milliún i Meitheamh – a sholáthróidh an timpeallacht riachtanach d’Éirinn go ndéanfar mol domhanda di chun Scannáin, drámaíocht agus beochan Teilifíse a léiriú. Fógraíodh tacaíochtaí breise on earnáil chlosamhairc níos fairsinge i rith 2018, i ndiaidh gur síneadh Alt 481 go dtí 2024 agus i ndiaidh an ardaithe réigiúnaigh 5chun dreasacht a sholáthar chun léiriúchán Éireannach agus idirnáisiúnta a mhéadú ar fud na réigiún.
  • I ndiaidh gur cuimsíodh Píobaireacht Uilleann ar Liosta Ionadaíoch Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe UNESCO in 2017 (an chéad ghné a cuimsíodh ó Éirinn riamh), faomhadh ainmniúchán na hÉireann i Samhain 2018, a bhain aitheantas idirnáisiúnta amach don iománaíocht, leis sin, mar phríomhghné d’oidhreacht bheo na hÉireann atá le cosaint don ghlúin amach anseo.

Cuimhneacháin/Deich mBliana na gCuimhneachán

  • Tacaíodh le roinnt tionscnamh agus clár chun comóradh a dhéanamh ar an gcuimhneachán céad bliain ó síníodh an Sos Cogaidh a chuir deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda, ar nós an tSuiteáin ‘The Fallen Leaves’ in Ard-Eaglais Phádraig agus “cuairt” dhealbh an tSaighdiúra Uaignigh chuig Faiche Stiabhna. Ghlac an Roinn ról ceannais, chomh maith, i gcuimhneachán foirmiúil an Stáit a chur ar bun ar shíniú an tSosa Cogaidh Dé Domhnaigh, an 11 Samhain ag Reilig Ghlas Naíon, ar fhreastail an tUachtarán Ó hUiginn agus an tAire Madigan air.
  • I nDeireadh Fómhair, thacaigh an Roinn le cuimhneachán ar chomóradh céad bliain ó bádh an RMS Leinster – an tubaiste mhuirí ba mheasa a thit amach i Muir Éireann inar cailleadh ar a laghad 564 duine.
  • D’éascaigh Deich mBliana na gCuimhneachán cuimhneachán a mhair bliain, chomh maith, a rinne ceiliúradh ar 100 bliain ó ritheadh an reachtaíocht a cheadaigh do mhná vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin pharlaiminteacha den chéad uair.

An Oidhreacht Thógtha agus Nádúrtha

  • I rith bliana inar tugadh 8 milliún cuairt ar ár bPáirceanna Náisiúnta, Anaclanna Dúlra agus Séadchomharthaí Náisiúnta, sheol an Roinn (i gcomhar le Fáilte Éireann) Máistirphlean Léirmhínitheach Turasóireachta nua. Feabhsóidh an infheistíocht 10 mbliana €100 milliún seo eispéireas cuairteoirí trí chonláistí cuairteoirí, saoráidí léirmhínithe agus saoráidí teicneolaíochta agus áineasa a sholáthar. Fógraíodh an chéad 2 thionscadal faoin bplean, ina ndearnadh infheistíocht €4 milliún, do Pháirc Náisiúnta Néifinn Fhiáin-Bhaile Chruaich agus Páirc Náisiúnta Chonamara.
  • Lasmuigh den phlean nua seo, leanadh le hinfheistíocht shuntasach a dhéanamh i bhforbairt, caomhnú agus cur i láthair Pháirc Náisiúnta Chill Airne – trí Phroinnteach Victeoiriach na Searbhóntaí agus an Seomra Níocháin a athchóiriú i dTeach Mhucrois, anuas ar athchóiriú Theach Chill Airne a chur i gcrích, agus i ndiaidh ionad cuairteoirí 18 Seomra den scoth a oscailt.
  • Roghnaíodh Páirc Náisiúnta Chill Airne mar an bpointe deiridh ar an gcuairt 2 lá ar Éirinn a thug Prionsa na Breataine Bige, agus a bhean chéile, Bandiúc Cornwall, i mbliana.
  • Cé gur bhuaicphointe ar leith in 2018 an tseandálaíocht dhochreidte nua ar thángthas orthu ag Brú na Bóinne, lean an Roinn ag oibriú lena comhghleacaithe in OOP chun breis agus 700 séadchomhartha náisiúnta a chaomhnú faoi úinéireacht nó caomhnóireacht an Aire fud fad an Stáit.
  • Ina theannta sin, sheol Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta seirbhís dhigiteach atá saor in aisce le húsáid chun rochtain gan stró a éascú ar Bhunachar Sonraí Bád Briste na hÉireann. Músclaítear sa bhunachar sonraí seo samhlaíocht an phobail, ach go háirithe, agus cuimsítear ann faisnéis faoi bhreis agus 18,000 suíomh báid bhriste dóchúil agus a bhfuiltear eolach orthu amach ó chósta na hÉireann agus inár n-uiscebhealaí intíre araon.
  • I dtaobh ár n-oidhreacht ailtireachta a chosaint, lean an Roinn lena tacaíocht airgeadais a thabhairt do thionscadail faoi réimse Scéimeanna Cistithe Oidhreachta Tógtha:
  • Rinneadh breis agus 430 tionscadal i measc na limistéar údaráis áitiúil go léir a chistiú tríd an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus i gCiste na nDéanmhas i mBaol;
  • Bronnadh cistiú caipitil €1 milliún ar shé bhaile stairiúla faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla 2018 – Eochaill, Contae Chorcaí; Port Laoise, Contae Laoise; Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh; Baile an Róba, Contae Mhaigh Eo; Ceanannas, Contae na Mí; agus Carraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann.
  • Seoladh Ciste na Struchtúr Stairiúil 2019 i Samhain, a sholáthróidh tacaíochtaí feabhsaithe d’úinéirí foirgneamh agus struchtúr stairiúil.
  • I rith Lúnasa, d’éirigh go geal arís eile le Seachtain na hOidhreachta nuair a cláraíodh 2,190 imeacht faoinar thug 1,211 eagraí imeachta agus ag a raibh 90,056 úsáideoir láithreán gréasáin.
  • Méadaíodh na hiarrachtaí in 2018 chun gnáthóg phortaigh ardaithe uathúil na hÉireann a athbheochan agus thug mo Roinn faoi bhearta athchóirithe ar 4 phortach chosanta agus rinneadh amhlaidh trí thionscadal ‘Portach Beo’ LIFE. Thacaigh an Roinn le roinnt tionscadail faoi stiúir an phobail chun tírdhreach ár dtailte portaigh a chur chun cinn agus a chaomhnú in 2018 faoin Scéim Rannpháirtíochta Pobail Tailte Portaigh.
  • Tugadh tionscadal AranLIFE chun críche in 2018 a chuir feirmeoireacht atá neamhdhíobhálach don dúlra chun cinn ar Oileáin Árann. Thug an tionscadal faoi eolas áitiúil feirmeoireachta a bhailiú agus é a cheangal le saineolas eolaíochta chun roinnt de na dúshláin a shárú a bhaineann le feirmeoireacht ar oileán agus chun feabhas a chur ar chaomhnú gnáthóg ar na hoileáin. Leanfar leis an tionscadal seo a chur ar bun i bhformáid nua le cistiú ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
  • Le linn thionscadal “OBSERVE”, comhoibriú idir an Roinn seo agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (agus na saineolaithe is fearr maidir le speicis mhuirí á dtabhairt san áireamh), foilsíodh roinnt tuarascálacha i mbliana a thugann ollmhéid faisnéise nua dúinn faoi mhíolta móra, deilfeanna agus éin farraige sna farraigí timpeall na hÉireann.

An Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin

  • Ba é 2018 ‘Bliain na Gaeilge’ – clár bliana de ghníomhaíochtaí agus imeachtaí cruthaitheacha, ealaíonta agus pobail chun rannpháirtíocht inár dteanga sa bhaile agus thar lear a cheiliúradh agus a spreagadh faoi phátrúnacht an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUiginn. Ba bhliain fhíor-rathúil í, agus seo a leanas roinnt buaicphointí:
  • Soláthraíodh cistiú €125,000 do bhreis agus 210 tionscadal ar fud gach contae, anuas ar an nGearmáin, an Fhrainc, SAM, Ceanada agus an Indinéis;
  • Soláthraíodh cistiú €64,000 do scoileanna chun tacú le himeachtaí Bhliain na Gaeilge;
  • D’fhreastail thart ar 7,000 duine ar mhórshiúl trí lár Chathair Bhaile Átha Cliath, ar chuir imeacht cultúrtha deireadh leis inar thug an tUachtarán Ó hUiginn spreagaitheasc;
  • Bhí an rath ar Bhliain na Gaeilge ar líne agus sna meáin shóisialta, agus bhain #Gaeilge2018 90 milliún taispeáint amach ar Twitter, a bhain breis agus 10 milliún duine aonair amach, agus rinneadh 295,000 idirghníomhú míosúil ar Facebook agus baineadh 953,000 amharc ar fhíseáin Ceol 2018 amach ar líne.
  • I Meitheamh, d’fhoilsigh an Roinn an Plean um Chur i bhFeidhm 5 Bliana 2018-2022 chun cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhrostú, ina gcuimsítear 180 beart a chuirfear i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara.
  • Rinneadh dul chun cinn suntasach, chomh maith, i rith na bliana sa phróiseas pleanála teanga.   As na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPTGanna), faomhadh a bpleananna do 13 cinn díobh agus cheap 4 limistéar Oifigigh Phleanála Teanga, agus leanadh le tacaíocht a thabhairt d’ullmhú pleananna i ngach ceann de na 13 LPTG, 3 Líonra Gaeilge agus 8 mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus le hiad a chur chun cinn.
  • Chun tacaíocht bhreise a thabhairt don phróiseas teanga, soláthraíodh infheistíocht bhreise nach beag chun tacú le luathbhlianta, an teaghlach agus na healaíona traidisiúnta, agus soláthraíodh cistiú caipitil agus reatha do 52 tionscadal agus do 8 n-eagraíocht, faoi seach, chun an próiseas a thabhairt chun cinn níos mó agus chun buntacú leis faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga.
  • Maidir le hearnáil choláistí na hÉireann, d’éascaigh fóirdheontais a sholáthair an Roinn breis agus 26,000 scoláire chun freastal ar bhreis agus 50 coláiste samhraidh Ghaeltachta, agus cuireadh cóiríocht ar fáil do thart ar 700 teaghlach i ngach ceann de na seacht réigiún Gaeltachta.
  • Tá obair ar bun faoi láthair, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Éire Ildánach, TG4 agus an Chomhairle Ealaíon, chun Straitéis Chomhtháite Ealaíona Gaeltachta agus Gaeilge a fhorbairt, agus sannadh ról nua d’Ealaín na Gaeltachta Teoranta chun múineadh ceoil, amhrán agus damhsa thraidisiúnta a fhairsingiú i gceantair Ghaeltachta.
  • I limistéar na nasc iompair dár bpobail oileáin amach ón gcósta, cuireadh pleanáil chun cinn chun céanna Inis Oírr agus Inis Meáin a fhorbairt ar aon dul le gealltanais sa Phlean Forbartha Náisiúnta, agus rinneadh 9 gconradh iompair oileáin a athnuachan in 2018 – agus tá 25 conradh i bhfeidhm anois a chuimsíonn bád farantóireachta paisinéirí, lastas agus aersheirbhísí.

Forbairtí reachtaíochta

  • Reachtaíocht a achtaíodh in 2018 – an tAcht Oidhreachta agus Acht na Cartlainne Náisiúnta (Leasú).
  • Bhain an Bille um Bord Scannán na hÉireann (Leasú) gach céim amach i dTithe an Oireachtais i Nollaig.
  • Tá an Bille Fiadhúlra nua á thabhairt chun cinn go fóill trí Thithe an Oireachtais.
  • Beartaítear reachtaíocht nua – tá dréachtú Bhille na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) tugtha chun cinn go maith.

Agus í ag tnúth leis an mbliain amach romhainn, dúirt an tAire Madigan: “Fad a chaithimid súil siar ar an rath a bhí orainn in 2018, táimid ag dréim, chomh maith, leis an iomaí dúshlán agus, níos tábhachtaí ná sin, leis na deiseanna atá amach romhainn. Fianaise shoiléir é an méadú €15.5 milliún ar chistiú reatha a baineadh amach i mBuiséad 2019 den tábhacht a bhaineann lenár n-oidhreacht chultúrtha agus chruthaitheach agus léiríonn sé go soiléir tiomantas an Rialtais seo chun caitheamh a mhéadú in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir ar treocht ina méadófar an cistiú faoi dhó faoin mbliain 2025.

“In Aibreán, sheol mé Plean Caipitil 10 mbliana €1.2 billiún na Roinne, ‘Infheistíocht a Dhéanamh inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018-2027’, a chuirfidh ar ár gcumas leanúint lenár bhForais Chultúrtha Náisiúnta a fhorbairt, infheistíocht a dhéanamh inár mbonneagar cultúrtha níos fairsinge, feabhas a chur ar eispéireas cuairteoirí ag ár bPáirceanna Náisiúnta agus ár n-oidhreacht thógtha agus timpeallacht stairiúil a chosaint agus a chaomhnú. Táim ag tnúth le cur leis an rath seo i gcaitheamh 2019.”

Dúirt an tAire Kyne, chomh maith: “Déanann cistiú méadaithe a sholáthrófar an bhliain seo chugainn, an €1.5 milliún breise ina measc a fuaireamar sna Meastacháin Leasaithe, a chur ar ár gcumas an rath a bhí ar Bhliain na Gaeilge a bhuanú agus cur leis an spreagadh atá múscailte i dtaobh pleanáil teanga le bliain anuas, sa mhullach ar na ceangaltais chaipitil do bhonneagar nua cé agus tacaíochtaí iompair d’Oileáin Árann agus Toraigh, a thaispeáint go soiléir an luach a chuireann an Rialtas seo ar ár dteanga, laistigh de na ceantair Ghaeltachta agus go náisiúnta araon, agus i bpobail ár n-oileán amach ón gcósta.”

Dúirt an tAire Madigan mar fhocal scoir: “Ar deireadh, thar mo cheann féin agus thar ceann an Aire Kyne, ba mhaith liom ár mbuíochas ó chroí a chur in iúl don fhoireann go léir ar fud na Roinne, na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, ár bhForas Cultúrtha Náisiúnta agus ár ngníomhaireachtaí Stáit as a n-obair dhian agus tiomantas leanúnach. Ba mhaith linn iad siúd a aithint, ach go háirithe, a chuir le réimse tionscadail nuálacha a cuireadh faoinár mbráid go ndéanfaimis breithniú orthu faoi ‘na Gradaim Sármhaitheasa agus Nuálaíochta sa Státseirbhís’2018’ – ar aithníodh ceann amháin díobh, tionscadal Ghorta Mór na hÉireann ar Líne ( comhoibriú le UCC), sa chatagóir ‘Taighde, Anailísíocht agus Léargas’.”

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service