Comhairliúchán

Deich mBliana na gCuimhneachán

Gairm Phoiblí ar Aighneachtaí -

Chun cabhrú leis an Sainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneacháin agus iad ag cur comhairle ar an Rialtas maidir le cur chuige an Stáit i leith chomóradh imeachtaí suntasacha stairiúla a tharla idir 1918 agus 1923

Idir 2018 agus 2023, beidh muid ag tabhairt imeachtaí suntasacha stairiúla a tharla idir 1918 agus 1923 ar an tslí i dtreo bhunú an Stáit chun cuimhne, chomh maith le téamaí tábhachtacha na tréimhse sin.  Beidh an Rialtas ag fáil tacaíocht lena chur chuige ón Sainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneacháin agus beidh an clár comórtha don deara leath de Dheich mBliana na gCuimhneachán uileghabhálach, ómósach agus fíreánta, ag a mbeidh sé mar sprioc tuiscint níos fearr ar dhearcthaí éagsúla ar an tréimhse íogair seo dár stair chomhroinnte a chur chun cinn.

Sa Dara Ráiteas ón Sainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneacháin tá treoirphrionsabail chun tacú le páirtithe leasmhara agus a mbealach á dhéanamh acu tríd an tréimhse shuaite sin den stair a lean Éirí Amach 1916 go dtí gur ceadaíodh Saorstát Éireann isteach i gConradh na Náisiún sa bhliain 1923.  Is é ról an Ghrúpa comhairle a chur ar an Rialtas maidir le conas a d’fhéadfaí imeachtaí agus téamaí dúshlánacha na linne sin a thabhairt chun cuimhne ar bhealach ciallmhar íogair.

Tá tús á chur anois le próiseas comhairliúcháin phoiblí, ar son an Sainghrúpa Comhairleach, chun comhrá cruthaitheach agus díospóireacht phoiblí a spreagadh i dtaca leis an mbealach leis na himeachtaí íogair stairiúla seo agus na téamaí a bhaineann leo a thabhairt chun cuimhne go cuí.

Táthar ag súil go n-eascróidh saibhreas dearcthaí agus smaointe ilchineálacha as an bpróiseas comhairliúcháin, a chabhróidh le hobair an tSainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneacháin comhairle a chur ar an Rialtas i ngeall le cur chuige an Stáit i leith chuimhneacháin don tréimhse atá fágtha de Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Tá amlíne d’imeachtaí suntasacha stairiúla agus téamaí leagtha amach in Aguisín A, a d’fhéadfá a úsáid mar thagairt agus d’ionchur agus smaointe á gcur le chéile agat.  Chuirfeadh muid fáilte faoi leith roimh do thuairimí i dtaca leis an mbealach is oiriúnaí a thiocfadh leis an Stát na himeachtaí agus téamaí sin a chomóradh.

 

Conas aighneacht a dhéanamh:

Is feidir aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge agus ba cheart go mbeadh siad faoi bhun 1,000 focal.

Ba chóir leathanach cumhdaigh aighneachta a bheith seolta isteach in éineacht le haighneachtaí.

Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig commemorations@chg.gov.ie nó ar an bpost chuig an seoladh thíos:

Comhairliúchán Poiblí Dheich mBliana na gCuimhneachán
An tAonad Cuimhneacháin
An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
3ú hUrlár, Teach an tSeoighigh
8/11 Sráid Lombard Thoir, Baile Átha Cliath 2

Glacfar le hiarratais go dtí Dé Céadaoin, an 31 Eanáir 2018.

Tar éis chríoch an phróisis chomhairliúcháin, cuirfidh an Sainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneacháin moltaí in iúl don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Déanfar tuarascáil an tSainghrúpa Chomhairligh a fhoilsiú ansin.


Foilsiú Aighneachtaí agus Rúndacht:

D’fhéadfadh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta aighneachtaí a fhaightear agus a mheastar atá oiriúnach lena fhoilsiú, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne.  Is ag an Roinn atá an t-aon rogha maidir leis an gceist sin.

Nuair is cuí, d’fhéadfaí na haighneachtaí sin a roinnt le Ranna Rialtais agus páirtithe leasmhara ábhartha eile le cur chuige comhtháite a chur chun cinn i leith fhorbairt an chláir chomórtha don dara leath de Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Mura gceadaíonn tú d’aighneacht a roinnt le Ranna Rialtais agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, ar mhiste leat é sin a dheimhniú trí tic a chur sa bhosca cuí ar an leathanach cumhdaigh aighneachta atá ceangailte, nach mór a sheoladh isteach le gach aighneacht.

Dá réir sin, más mian leat go gcaithfeadh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go rúnda le d’aighneacht, ar mhiste leat tagairt a dhéanamh dó sin i d’aighneacht agus é a dheimhniú freisin trí tic a chur sa bhosca cuí ar leathanach cumhdaigh d’aighneachta.

Déanfar gach aighneacht a iompú go comhad PDF lena foilsiú.

Foilseofar ainmneacha na bpáirtithe leasmhara a rinne aighneachtaí mura n-iarrfaidh tú orainn gan d'ainm a fhoilsiú.  Más rud é nach mian leat go bhfoilseofaí d’ainm, ar mhiste leat nóta a dhéanamh de sin i d’aighneacht agus tic a chur sa bhosca cuí ar leathanach cumhdaigh d’aighneachta.  I dtaca le haighneachtaí ó eagraíochtaí nó thar ceann eagraíochta, ní fhoilseofar ach ainm na heagraíochta.  Ní fhoilseofar aon sonraí teagmhála.

Is tuairimí an údair iad na tuairimí atá curtha in iúl sna haighneachtaí agus ní ceart iad a léamh mar léargas ar thuairimí na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Ní chiallaíonn foilsiú aighneachtaí ar shuíomh gréasáin na Roinne go n-aontaíonn an Roinn leis an méid atá iontu.  Ní ghlacann an Roinn aon fhreagracht dhlíthiúil a eascraíonn as aon tuairimí a chuirtear in iúl sna haighneachtaí sin.

Trí aighneacht a sheoladh isteach, tá na húdair ag aontú leis na coinníollacha sin.

AGUISÍN A

Leagtar amach sa liosta thíos imeachtaí suntasacha stairiúla agus téamaí atá beartaithe lena dtabhairt chun cuimhne ag an Stát go cuí le linn an méid atá fágtha de Dheich mBliana na gCuimhneachán.  Ba chóir tabhairt faoi deara gur liosta táscach é seo seachas liosta deiridh, go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin.


Imeachtaí Suntasacha Stairiúla agus Téamaí (1918 - 1923):

An Chéad Chogadh Domhanda

  • An RMS Leinster ag dul go tóin poill ar an 10 Deireadh Fómhair 1918
  • Comhaontú an tsosa cogaidh á shíniú ar an 11 Samhain 1918, rud a chuir deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda
  • Eispéireas na saighdiúirí ag filleadh ón gCéad Chogadh Domhanda
  • Conradh Versailles á shíniú ar an 28 Meitheamh 1919


Paindéim Fliú na Spáinne in 1918/1919

Athruithe Shuntasacha ar shaol na polaitíochta i 1918

  • Bás Sheáin Mhic Réamainn ar an 6 Márta 1918
  • Olltoghchán 1918


Tabhairt isteach ceart vótála na mban i 1918

  • Ceart vótála teoranta á thabhairt do mhná agus 100 bliain de rannpháirtíocht na mban i saol polaitiúil na hÉireann (An tAcht um Ionadaíocht an Phobail 1918 agus Parliament (Qualificaton of Women) Act 1918).


Cogadh na Saoirse 1919-1921 (gníomhaíocht mhíleata agus gníomhaíocht chomhthreomhar neamh-mhíleata)

  • Tionól na Chéad Dála - Dáil Éireann - i dTeach an Ardmhéara ar an 21 Eanáir 1919
  • Luíochán Shulchóid Bheag ar an 21 Eanáir 1919 agus tús Chogadh na Saoirse
  • Toghadh Éamonn De Valera mar Uachtarán na hÉireann ar an 1 Aibreán 1919
  • Bás Thomáis Mhic Curtáin ar an 20 Márta 1920
  • Bás Terence MacSwiney ar an 20 Márta 1920
  • Cur chun báis Kevin Barry ar an 1 Samhain 1920
  • Domhnach na Fola, 21 Samhain 1920
  • Loscadh Chorcaí, Mí na Nollag 1920
  • Government of Ireland Act 1920
  • Loscadh Theach an Chustaim ar an 25 Bealtaine 1921
  • An Sos Cogaidh lenar cuireadh deireadh le Cogadh na Saoirse ag teacht in éifeacht ar an 11 Iúil 1921
  • Rannpháirtíocht na mban i gCogadh na Saoirse agus foréigean in aghaidh na mban le linn na tréimhse sin
  • Searmanas comórtha do na daoine go léir a cailleadh le linn Chogadh na Saoirse
  • Tionchar chogadh na Saoirse ar leanaí


Bunú an Stáit

  • Achtachán Bhunreacht Shaorstát Éireann ar an 25 Deireadh Fómhair 1922, lenar áiríodh cearta comhionann vótála do mhná
  • Síniú an Chomhaontuithe Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921
  • Bunú Shaorstát Éireann


An Cogadh Cathartha

  • Tús an Chogaidh Chathartha, le bombardaíocht Oifig na dTaifead Poiblí in aice na gCeithre Cúirteanna ar an 28 Bealtaine 1922
  • Comóradh ar bhás Arthur Griffiths agus Mhichíl Uí Choileáin agus na daoine go léir a cailleadh le linn an Chogaidh Chathartha (Lúnasa/Meán Fómhair 2022)
  • Ár Bhaile Ó Síoda ar an 6 Márta 1923
  • Críoch an Chogaidh Chathartha ar an 24 Márta 1923
  • Rannpháirtíocht na mBan sa Chogadh Cathartha agus foréigean in aghaidh na mban le linn na tréimhse sin
  • Tionchar an Chogaidh Chathartha ar leanaí le linn na tréimhse sin
  • Aitheantas ar an méid a rinne an t-arm agus seirbhísí na bpóilíní, réamhtheachtaithe na nÓglach agus an Gharda Síochána, ó thaobh an t-aistriú go daonlathas a chinntiú

Bunú Thuaisceart Éireann, Críochdheighilt agus socrú na Teorann

  • Toghchán Thuaisceart Éireann agus an chéad suí de Pharlaimint Thuaisceart Éireann i mí an Mheithimh 1921 Tionchar agus oidhreacht imeachtaí stairiúla na tréimhse ar an bpobal Caitliceach agus náisiúnach in Éirinn ó thuaidh ón teorainn nua

 

Eispéireas Phrotastúnaigh agus Aontachtaithe in Éirinn ó 1918 - 2023

  • Tionchar agus oidhreacht imeachtaí stairiúla na tréimhse ar an bpobal Protastúnach agus aontachtaithe in Éirinn ó dheas ón teorainn nua


Saorstát Éireann á cheadú isteach i gConradh na Náisiún i Meán Fómhair 1923

  • Téann an Saorstát isteach i gConradh na Náisiún ar an 10 Meán Fómhair 1923

 

Críoch

 

Scagadh de réir Dáta:

Twitter

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service