15/10/19

Os cionn €22,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne chun tabhairt faoi réamhobair do Héileapad ar Inis Toirc

Tá  sé curtha in iúl ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, inniu go bhfuil deontas €22,500 ceadaithe aige do Chomhairle Chontae Mhaigh Eo chun suíomh nua a roghnú, pleanáil a lorg agus dearadh a dhéanamh chun go bhforbrófar héileapad ar Inis Toirc, amach ó chósta Mhaigh Eo.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air fógra mar seo a dhéanamh.  “Tá mé sásta go raibh ar chumas mo Roinne cuidiú le fhorbairt héileapad ar Inis Toirc atá ar na bacáin le fada an lá. Tar éis suíomh a bheith roghnaithe don fhorbairt níos túisce i mbliana, fuarthas amach ag an nóiméad deireanach nach raibh an suíomh sin feiliúnach, rud a chuir díomá orm féin agus, dár ndóigh, ar phobal an oileáin. Beidh an héileapad ina áis thábhachtach do Gharda Chósta na hÉireann agus é tógtha,” a dúirt an tAire Stáit, “agus tagann an fógra seo sna sála ar an gcinneadh a rinne mé le gairid Coiste Idir-Rannach maidir le Forbairt na nOileán a bhunú.”

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service