29/11/19

Os cionn €510,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do na hoileáin neamh-Ghaeltachta

Tá curtha in iúl ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne, TD., inniu go bhfuil deontas de €490,087 ceadaithe aige do chúig Chomhlacht Forbartha lonnaithe ar na hoileáin neamh-Ghaeltachta.

Anuas ar sin, tá €22,700 ceadaithe don scáth-eagraíocht, Chomhar na nOileán Teo, chun an obair riaracháin a dhéanamh maidir leis an maoiniú sin.  Is naoi n-oileán ar fad atá i gceist i gcontaetha Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Corcaí.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh áthas air fógra mar seo a dhéanamh.  “Tá mé sásta go raibh ar mo chumas an maoiniú seo a cheadú arís i mbliana.  Ba mhaith liom bheith ábalta cur leis an maoiniú sin amach anseo ach na hacmhainní bheith ar fáil chuige sin,” a dúirt an tAire Stáit.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service