12/12/19

Aird dírithe i Liosta Dearg na Mamach nua ar phríomhspeicis na hÉireann a bhfuil a bpobal ag teacht ar ais chucu féin

  • Cosúlacht ann go bhfuil pobail an Iora Rua, an Mhadra Uisce agus Ialtóg Leisler a bhí "beagnach i mbaol" tráth ag teacht ar ais chucu féin anois
  • Aird dírithe ag cláir náisiúnta na Seirbhíse Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra ar na treisithe

Tá fáilte curtha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD roimh Liosta Dearg nua na Mamach d'Éirinn a dhíríonn aird ar chomh fiúntach agus atá cláir mhonatóireachta a bhíonn á mbainistiú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS).

Léiríonn an Liosta Dearg - a dhéanann staid caomhantais mhamaigh talún na hÉireann a mheasúnú - go bhfuil pobail an iora rua, an mhadra uisce agus ialtóg Leisler feabhsaithe ó rinneadh an measúnú ar an Liosta Dearg deireanach 10 mbliana ó shin. Ceapadh ag an am sin go raibh an trí speiceas seo "Beagnach i mBaol" de bharr titim i bpobal na n-ainmhithe sin.

Léiríonn eolas nua le gairid, go háirithe torthaí na gclár monatóireachta ar scála mór agus na suirbhéanna náisiúnta a tugadh fúthu arna maoiniú ag an NPWS, go bhfuil pobail na n-ainmhithe ag teacht chucu féin.

Cuimsíodh 25 speiceas talún dúchasach d'Éirinn nó tugtha chun cineáil anseo roimh 1500 i measúnú an Liosta Dheirg.  Cuimsíodh an rón glas agus an rón cuain ann chomh maith mar go gcaitheann siad cuid mhaith dá n-am ar thalamh tirim.

Cuireann an Liosta Dearg nua seo measúnú iomlán agus oibiachtúil ar fáil ar an mbaol díothaithe atá ann do na speicis seo ag úsáid catagóirí staid caomhantais an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN). Úsáidtear na catagóirí caighdeánaithe seo agus an creat measúnaithe atá mar bhunús leo ar fud an Domhain d'fhonn comparáidí díreacha a dhéanamh le measúnuithe réigiúnacha eile agus le measúnuithe ar mhamaigh an domhain.  Tá na cláir seo ann chun na speicis is mó a dteastaíonn idirghabháil caomhnaithe uathu de bharr an bhaoil díothaithe atá ann dóibh a aithint.

Is ábhar mór misnigh Liosta Dearg na Mamach d'Éirinn.

Léiríonn an clár monatóireachta traschreasa cairr a dhéantar ar an ialtóg go bhfuil ardú nach mór 30% tagtha ar phobal an ialtóige ó cuireadh tús leis an monatóireacht in 2004. Deimhníonn na suirbhéanna atá fós ar siúl go bhfuil an speiceas seo tagtha slán ó thitim ar bith ar an bpobal agus tá said le fáil go forleathan ar fud na tíre. Léirítear leis an obair atá ar bun in OÉ Gaillimh le tacaíocht an NPWS agus an Ionaid Náisiúnta na Sonraí Bithéagsúlachta le gairid go bhfuil raon na n-ioraí rua tagtha chucu féin go maith. Tá athrú déanta ar stádas an trí speiceas seo ar an liosta ó "Beagnach i mBaol" go "Beag Imní".

Is é an francach dubh anois an t-aon speiceas talún a mheastar atá i gcontúirt in Éirinn. Rangaíodh é mar speiceas a bhí "i mBaol" mar nach bhfuil sé le fáil ach amháin ar Reachrainn, amach ó chósta Bhaile Átha Cliath. Níl tús áite tugtha do chaomhnú an speicis seo áfach, agus go deimhin, meastar gur contúirt é do na coilíneachtaí tábhachtacha éan a bhíonn ag neadú ar aillte Reachrann.

Cé gur ábhar mór misnigh iad na torthaí a tháinig as an bpróiseas measúnaithe ar an Liosta Dearg, díríonn údair an fhoilseacháin aird ar ábhair imní a bhaineann le caighdeán na ngnáthóg agus déanann siad tagairt do na conclúidí a bhí i dtuairisc Alt 17 le gairid a thugann le fios go bhfuil cuid mhór de ghnáthóga nádúrtha na hÉireann i mbaol. Ainmníonn na húdair réimsí éiceolaíochta mamach in Éirinn a bhfuil níos mó taighde de dhíth.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service