11/09/16

An tUachtarán Higgins agus an tAire Humphreys i bhfeighil ar Shearmanas Chomórtha Bliantúil an Ghorta Mhóir i Reilig Ghlas Naíon

Cros an Ghorta Mhóir le nochtadh mar bhuanchuimhneachán orthu siúd a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir

Beidh an tUachtarán Michael D. Higgins i bhfeighil Chomóradh Náisiúnta Bliantúil an Ghorta Mhóir i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath inniu (Dé Domhnaigh). Beidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, TD ina theannta.

I ndiaidh an tsearmanais, nochtfaidh an tUachtarán Higgins Cros an Ghorta Mhóir mar chuimhneacháin orthu siúd a bhásaigh le linn bhlianta an Ghorta Mhóir. Beidh an chros Cheilteach lámhdhéanta ó lár an 19ú céad, arna deonú ag Iontaobhas Ghlas Naíon, suite go buan lasmuigh de Shéipéal na Marbh.

Mar chuid de shearmanas Stáit an lae inniu beidh onóracha míleata agus searmanas leagtha bláthfhleasc ag Ambasadóirí chun na hÉireann i gcuimhne orthu siúd go léir a d'fhulaing agus a bhásaigh le linn an Ghorta Mhóir, chomh maith le ceol ó chóir áitiúla agus ó St. James's Brass and Reed Band, an banna is sine in Éirinn.

Ina óráid, déanfaidh an tUachtarán Higgins machnamh ar na cúinsí geilleagracha agus polaitíochta a chuir leis an nGorta Mór, an tionchar a bhí aige ar shochaí na hÉireann agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ó na bhfreagraí idirnáisiúnta agus náisiúnta ar an tragóid dhaonna ba mheasa den 19ú céad, i gcomhthéacs an daonra.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

"D'fhág an Gorta Mór rian doscriosta ar Éirinn, ag scriosadh pobal fud fad na tíre seo. Tugann Comóradh Bliantúil an Ghorta Mhóir deis thábhachtach dúinn machnamh a dhéanamh ar an milliún duine a bhásaigh, agus ar an milliún duine arbh éigean dóibh dul ar imirce nuair a theip ar an bpráta.

"Léiríonn taifid ó Reilig Ghlas Naíon go raibh 50-60 sochraid ar siúl anseo gach lá le linn na laethanta ba mheasa den Ghorta Mór.  Adhlacadh daoine ó cheithre chúige na hÉireann, iad siúd as Baile Átha Cliath agus iad siúd a rinne a mbealach anseo ag lorg faoisimh, ar fud Reilig Ghlas Naíon, rud a fhágann go bhfuil sí ar cheann de na Reiligí is mó sa tír ó aimsir an Ghorta Mhóir. Is cuí mar sin, go mbeidh Cros an Ghorta Mhóir ina seasamh i nGlas Naíon mar bhuanchuimhneachán orthu siúd a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir, ag cur le stádas Ghlas Naíon mar stór staire."

Dúirt Cathaoirleach Iontaobhas Ghlas Naíon John Green:

"Is mór an onóir dúinn an comóradh seo a óstáil agus an Chros Cheilteach íocónach a oirniú mar chomhartha buan orthu siúd atá adhlactha anseo a bhásaigh mar thoradh ar an ngorta. Bíonn iontas ar chuairteoirí a thagann anseo gur láthair adhlactha ón ngorta í seo chomh maith, ach anois agus muid chomh mór sin faoi thionchar gheilleagar Bhaile Átha Cliath, ar muir is ar tír, tá sé deacair dúinn a thuiscint cé chomh hathraithe agus a bhí an t-oileán seo i ndiaidh an ghorta.  Bhí Baile Átha Cliath mar a bheadh cathair teifeach ann. Tháinig méadú thar cuimse ar rátaí báis.  Tháinig méadú faoi thrí ar líon na n-adhlacthaí sa reilig seo agus adhlacadh na mílte duine anseo mar thoradh ar an ngorta nó mar gheall ar fhiabhrais nó galair a bhain leis an ngorta.

"Ach cinnteoidh an comóradh seo agus cuimhneacháin ar nós an chros atá á nochtadh againn anseo inniu nach ndéanfar dearmad choíche ar an nGorta Mór, a raibh tionchar millteanach aige ar ár dtír trí fhulaingt, íobairt agus imirce."

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service