Gnóthaí Tuaithe
Is é príomhaidhm Rannán Réigiúnach agus Tuaithe na Roinne dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta inbhuanaithe fadtéarmach a chur chun cinn agus a éascú ar fud na tuaithe in Éirinn. Chuige sin, oibreoidh an Roinn le páirtithe leasmhara sa tréimhse amach romhainn le Straitéis a fhorbairt lena n-áireofar Plean Gníomhaíochta Tuaithe d’fhonn dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a bhrú ar aghaidh faoin tuath in Éirinn. Ar na príomhghníomhaíochtaí eile tá cur i bhfeidhm ghnéithe LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020 agus raon eile scéimeanna a sheachadadh, lena n-áirítear Scéim Áineasa Tuaithe, Scéim na Siúlóidí Tuaithe, scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte agus CLÁR. Is tosaíochtaí lárnacha freisin iad líonra Oifigí an Phoist a fhorbairt agus seachadadh céimneach tráthúil leathanbhanda.
Rogha
Nuacht Tuaithe
- 20/09/2017
Deontas €1,199 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Thearmann Éanna Teo, Co. na Gaillimhe chun CCTV/Ceamaraí Slándála a cheannach - 26/06/2017
Beagnach €135k de chistiú á cheadú ag an Aire Humphreys do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha - 23/06/2017
Déanann an tAire Humphreys comghairdeas leis an NPWS agus le Comhairle Contae Chiarraí as Anaclann Bhithsféir UNESCO Chiarraí a choinneáil