Forbairt Tuaithe
Tá sé mar aidhm le Fíorú Acmhainneacht na Tuaithe, Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe, leas a bhaint as acmhainn iontach phobail tuaithe na hÉireann le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ina gcónaí agus ag obair i gceantair thuaithe. Trí chreat tacaí náisiúnta agus áitiúla, tá cur chuige comhordaithe á ghlacadh sa Phlean Gníomhaíochta ar fud an Rialtais i dtaca le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta cheantar tuaithe na hÉireann. Cumhdaíonn an Plean tréimhse trí bliana agus tá sraith gníomhaíochtaí faoi cheangal ama ann ar a ndéanfar monatóireacht agus tuairisciú rialta.
Is iad na príomhaidhmeanna:
- tacú le pobail tuaithe inbhuanaithe agus bheoga;
- tacú le fiontair agus le fostaíocht;
- ár n-acmhainn a uasmhéadú maidir le turasóireacht tuaithe agus áineas tuaithe;
- an cultúr agus an chruthaitheacht a chothú i bpobail tuaithe;
- agus bonneagar agus nascacht tuaithe a fheabhsú.
Fíorú Acmhainneacht na Tuaithe
Leanfaidh an Roinn freisin le cur i bhfeidhm tionscnaimh forbartha tuaithe tábhachtacha lena n-áirítear, inter alia, gnéithe LEADER an Chláir Forbartha Tuaithe 2014-2020, feidhmiú céimneach Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte agus an tionscadal píolótach i ndáil le Criosanna Forbartha Geilleagraí Tuaithe.