29/01/16
An Chairt do Cheantar Tuaithe na hÉireann
Sheol an Taoiseach, Enda Kenny TD, an Chairt do Cheantar Tuaithe na hÉireann ar an Déardaoin, an 28 Eanáir 2016, i gCo. Uíbh Fhailí.
Tá roinnt gealltanas sonrach sa Chairt do Cheantar Tuaithe na hÉireann a bhunóidh creataí agus cleachtais chun tacú le hathbheochan gheilleagar agus shochaí na tuaithe ina n-iomláine. I measc na ngealltanas tá:
- forbairt creata náisiúnta chun polasaí forbartha tuaithe a chruthú;
- tiomnú do mheicníocht láidir tuairiscithe ar ghníomhaíochtaí an rialtais chun feabhas a chur ar fhorbairt tuaithe;
- agus a chinntiú go bhfuil comhoibriú idir na Coistí Forbartha Áitiúla agus Pobail, Oifigí Fiontair Áitiúla agus na páirtithe ábhartha uile chun tacú go héifeachtach le fiontair i gceantair áitiúla lena n-áirítear fiontar sóisialta.
