18/01/17

Seirbhís Aeir chuig na hOileáin Árann

Tá deimhnithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, inniu (18 Eanáir 2017) go bhfuil na conarthaí a bhaineann le seirbhís aeir Oileáin Árainn forghníomhaithe.  Is é téarma na gconarthaí ná 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2020.

Agus é ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Stáit Kyne gur toradh dearfach ar obair a Roinn a bhí anseo agus ghlac sé buíochas arís leis an Oifig um Sholáthar Rialtais a stiúir an próiseas tairisceana.  “Táim cinnte gur ábhar faoisimh do phobal Oileáin Árann atá sa bhfógra seo inniu.  Tabharfaidh an toradh seo cinnteacht maidir leis an tseirbhís sna blianta amach romhainn”, a dúirt an tAire Stáit.

CRÍOCH  

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service