08/09/17

Seirbhís fharantóireachta paisinéirí agus lastas éadrom do Thoraigh 2018 – 2023

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go bhfuil conradh don tseirbhís thuasluaite bronnta ag a Roinn ar Realt na Maidne Teoranta.   Tiocfaidh an conradh i bhfeidhm ar 1 Aibreán 2018 agus tá sé le seasamh ar feadh chúig bliana.  Faoin gconradh seo, cuirfear seirbhís fharantóireachta phaisinéirí agus lastas éadrom ar fáil idir Thoraigh agus Machaire Rabhartaigh ar an mórthír.

Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go dtabharfadh an conradh seo cinnteacht faoin tseirbhís do phobal an oileáin sna blianta amach romhainn.  “Táim sásta go raibh ar chumas mo Roinne próiseas tairisceana a chur i gcrích a chinntíonn seirbhís fharantóireachta do Thoraigh don todhchaí,” a dúirt an tAire Stáit.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service