10/12/19

Óráid an Aire Stáit Seán Kyne ag ócáid cheiliúrtha an phróisis pleanála teanga

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

A Theachtaí Dála, Cathaoirligh Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Cathaoirligh bhord Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge, ionadaithe na gceanneagraíochtaí pleanála teanga, a oifigigh pleanála teanga agus a chairde go léir, is údar mór áthais dom go bhfuil sibh anseo inniu i dTithe an Rialtais don ócáid seo chun an dul chun cinn atá déanta go dtí seo faoin bpróiseas pleanála teanga a cheiliúradh.

Ar an drochuair cuireadh moill bheag ar an Taoiseach.  Beidh sé linn ar ball beag.

Mar is eol daoibh, tá údar ann a bheith sásta faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga. Tá údar ann chomh maith, a bheith dóchasach agus misniúil faoin mbóthar chun tosaigh.

Nuair a cuireadh tús le feidhmiú an phróisis pleanála teanga – agus go deimhin le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge beagnach deich mbliana ó shin, níl aon amhras ach go raibh muid ag imirt i gcoinne gaoithe láidir.

Bhí droch-chaoi ar gheilleagar na tíre – rud a d’fhág nach raibh ar chumas an stáit ná an státchiste go deimhin, cuid mhaith de na bearta a bhí aitheanta sa Straitéis a chur i bhfeidhm.

Ba é an chloch ba mhó a bhí ar an bpaidrín ar bhealach, ná an clár oibre a bhí á riar ag an iliomad eagraíochtaí agus forais Ghaeilge an tráth sin ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a choinneáil slán ón scian agus a chosaint oiread is a bhí muid in ann é sin a dhéanamh mar Rialtas. Ní gan dua a rinneadh é sin – fad ár gcumas.

In ainneoin na ndúshlán mhóra sin, níor cailleadh an t-uallmhian ná an dóchas agus tugadh faoi phróiseas pleanála teanga a chur i dtoll a chéile le bunús reachtúil láidir faoi.

Rinneadh é sin ar fad mar gheall go raibh an Rialtas ag iarraidh beart a dhéanamh de réir briathair –  ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndeireadh báire agus tús a chur le cur chuige a chuirfeadh compháirtíocht ón mbarr anuas agus ón mbonn aníos ag croílár an scéil.

Ba as an spiorad cróga agus dearfach sin a rugadh an próiseas pleanála teanga atá mar ábhar ceiliúrtha againn inniu.

Is é an spiorad céanna is cúis leis an rathúlacht a bhaineann leis an bpróiseas anois agus a chinnteoidh go deimhin gur fiú an tairhbe an trioblóid.

Mar is eol daoibh, tá sé cinn déag de phleananna ceadaithe faoin am seo agus ní fada eile go mbeidh gach ceann den 26 ceantar pleanála teanga Gaeltachta faoi lán seoil agus pleananna á gcur i bhfeidhm acu.

Ina theannta sin, ar ndóigh, tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh mar a bhaineann sé le hullmhú pleananna sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge atá luaite faoin bpróiseas.

Chun tacú go praiticiúl le feidhmiú an phróisis, tá cistíocht shuntasach faoi leith curtha ar fáil ar bhonn bliantúil ag mo Roinn chun cabhrú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna. Ina theannta sin ar ndóigh cuireadh tús le raon leathan bearta ar bhonn lárnach chun cabhrú tuilleadh le feidhmiú an phróisis agus go deimhin le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain – a bhfuil an próiseas mar chuid lárnach de.

Ó cuireadh tús le rudaí cúig bliana ó sin i 2014, tá tuairim is €9m infheistithe sa phróiseas agus  i mbearta tánaisteacha eile. Ní thógann sé sin san áireamh an ciste €3.7m a bheidh ar fáil dó an bhliain seo chugainn.

Ní thógann sé san áireamh ach an oiread, an maoiniú atá á chur ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga mo Roinne ná go deimhin an maoiniú atá á chur ar fáil ag an Údarás agus ag Foras na Gaeilge chun cabhrú le gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta ar an talamh.

An Plean Gníomhaíochta 2018-2022

Mar is eol daoibh, is í Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus is ionann an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge agus mapa bóthair ina ndéantar rianú beacht ann faoin méid a dhéanfar go ceann cúig bliana chun cúram a dhéanamh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do chur i bhfeidhm na straitéise dá réir.

Le go mbeidh sé chomh éifeachtach mar phlean agus is féidir dó a bheith, is gá do gach foras agus Roinn stáit lena mbaineann sé cúram cuí a dhéanamh de agus a chinntiú go ndéantar an raon bearta atá ann a fhí isteach mar is cuí sna pleananna oibre atá acu féin.

Tá bailchríoch á cur faoi láthair ar an chéad tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta ina léireofar an dul chun cinn atá déanta agus á dhéanamh ag na páirtithe leasmhara ó seoladh an Plean i mí Meithimh 2018.

Is plean tras-rannach é ar ndóigh – atá á fheidhmiú ar bhonn comhpháirtíochta.  Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo chugainn agus foilseofar é an Mháirt seo chugainn.

An Bille Teanga

Tá áthas orm a chur in iúl daoibh inniu go bhfuil an dréacht de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 deimhnithe ag mo chomhghleacaithe sa Chomh-Aireacht ar maidin. Tá na socruithe á ndéanamh anois chun an Bhille a fhoilsiú sna laethanta amach romhain, ach ba mhaith liom an deis a thapú chun cuid de mhórphointí an Bhille a chur in iúl daoibh.

Is é príomhchuspóir an Bhille, Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú chun soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú.   Féachfar, leis an mBille, le cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus gur trí mheán na Gaeilge a oibreoidh gach oifig phoiblí atá suite i limistéir Ghaeltachta.

Tá sé i gceist coiste reachtúil, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

Gné shuntasach eile den Bhille is ea caighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí agus iad a chur in ionad chóras láithreach na scéimeanna teanga, a fhágfaidh go mbainfidh na comhlachtaí poiblí sin, ar mó an t-idirghníomhú a bhíonn acu leis an pobal, caighdeáin níos airde amach.

Ceanglófar, le príomhfhorálacha eile, ar chomhlachtaí poiblí a éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a bheifear ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha agus lógónna Gaeilge nó dátheangacha a bheith acu.

Sílim gur léiriú atá sa mBille ar thiomantas an Rialtais chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá muid ag iarraidh timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Sílim gur céim mhór chun tosach í an Bhille seo chun cuidiú leis an sprioc seo a bhaint amach.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service