Ráiteas an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta
Ag an gcruinniú a bhí agam le hionadaithe Oileáin Árann inniu, bhí deis agam éisteacht lena n-ábhar imní maidir leis an tseirbhís aeir. Tuigim go maith an imní atá orthu mar phobal oileánda agus an tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís aeir dóibh. Tuigim fosta na deacrachtaí a bhaineann le haon athrú ar sheirbhís dá leithéid.
Mhínigh mé dóibh gurb é an seasamh a bhí agam ón tús ná go raibh mé ag iarraidh go mbeadh seirbhís aeir ann i gcónaí d'Oileáin Árann le tacaíocht shuntasach airgeadais ón Rialtas, i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le seirbhísí faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí.
Sin an chúis gur iarr mo Roinn (an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) ar an Oifig um Sholáthar Rialtais próiseas tairisceana a reáchtáil, i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh agus le rialacha náisiúnta, chun go bhféadfadh mo Roinn conradh a aontú don tseirbhís aeir do na ceithre bliana atá le teacht.
Ós rud é go bhfuil próiseas tairisceana leanúnach ann don tseirbhís aeir, ní bheadh sé cuí aon rud a rá faoin bpróiseas sin nó aon rud a rá a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don phróiseas sin. Tá an chomhairle dlí thar a bheith soiléir maidir leis seo. Tá sé seo níos tábhachtaí ná riamh ós rud é go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil sé beartaithe ag duine de na forthairgeoirí achomharc a lorg ar thoradh an phróisis tairisceana trí athbhreithniú breithiúnach chuig an Ard-Chúirt.
Leanfaidh mé orm ag obair i dtreo sheirbhís aeir a bhaint amach d'Oileáin Árann do na ceithre bliana atá le teacht, faoi réir deireadh a bheith curtha leis an bpróiseas tairisceana leanúnach.
CRÍOCH