30/09/17

An Taoiseach agus an tAire Humphreys le freastal ar Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848, Baile an Gharraí

Tá an Taoiseach Leo Varadkar ag freastal inniu (Dé Sathairn) ar Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848 i mBaile an Gharraí, Tiobraid Árann. Ina chuideachta beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD.

Mar chuid de shearmanas foirmiúil Stáit an lae inniu beidh onóracha míleata agus searmanas fleascleagain de chuid Ambasadóirí na hÉireann i gcuimhne ar na daoine go léir a d’fhulaing nó a d’éag le linn an Ghorta.  Ar an gclár pobail d’imeacht na bliana seo beidh taibhithe ó Mhícheál Ó Súilleabháin, an Cecilian Choir ó Chlochar na nUrsalach, Durlas agus Banna Chluain Meala chomh maith le léamha leis an bhfile Michael Coady, Carmel O'Brien agus daltaí ó Scoil Mhuire, Baile an Gharraí.  Tá saothair nua cruthaithe ag ealaíontóirí áitiúla lena n-áirítear Katy Goodhue agus David Quin mar chuid den chlár imeachtaí taca agus beidh na saothair sin, chomh maith le níos mó ná 200 saothar ealaíne cruthaithe ag páistí as bunscoileanna áitiúla, ar taispeáint ag an gCuimhneachán.

Ina óráid, rinne an Taoiseach machnamh ar thionchar an Ghorta Mhóir ar shochaí na hÉireann chomh maith leis an dianfheasacht ar agus teagmháil le forbairtí i gcomhthéacs na hEorpa i gcoitinne, a spreag forbairt na fealsúnachta polaitiúla i measc ghluaiseacht Éire Óg in Éirinn i lár na 19ú haoise;-

"Táimid cruinnithe anseo inniu leo siúd a cailleadh le linn an Ghorta Mhóir a thabhairt chun cuimhne chomh maith leis na daoine a d’fhéach le todhchaí nua a chruthú le hÉirí Amach 1848 mar fhreagairt ar an tubaiste sin. Ba thubaiste nádúrtha ceann amháin acu, agus ba thubaiste mhíleata an ceann eile – ach chuaigh an dá cheann acu i bhfeidhm orainn mar chine – agus is láthair chuí é Baile an Gharraí le haitheantas a thabhairt dóibh sin ar fad a d’fhulaing agus a fuair bás, iad a thabhairt chun cuimhne agus ómós a thabhairt don méid a d’fhág siad le hoidhreacht againn. Is gné dhearfach amháin d’iarmhairtí an Ghorta Mhóir an chomhbhá atá léirithe againn mar thír le ciníocha agus náisiúin eile atá ag fulaingt géarchéim dhaonnúil cibé acu mar gheall ar ghorta, tubaistí nádúrtha nó cogadh. Díreach mar a fuair muintir na tíre seo cúnamh agus deis nuair a bhí sé de dhíth orthu, oibríonn muid anois chun tacú leo siúd a bhfuil ár gcuidiú ag teastáil uathu leis an ocras a sheachaint."

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

“Is ionad cuí é baile Margaret McCormack agus a teaghlach do chomóradh na bliana seo. Cé go raibh a scéal uathúil féin ag gach pobal i dtaca leis an nGorta Mór, fite fuaite i scéalta na pobail go léir a rinne óstáil ar an gcuimhneachán tá an chuimhne ar an slad daonna agus sochaíoch a rinne an Gorta Mór.  Ní hamháin gur cailleadh daoine aonair ach scriosadh teaghlaigh, agus go deimhin, bailte iomlána mar gheall ar an mbás, ar an ngalar agus ar an imirce.”

Chuir an tAire fáilte freisin roimh Coming Home: Art and the Great Hunger, a bheidh ag teacht go hÉirinn ar cuairt ar an bliain seo chugainn, agus dúirt sí

“Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh an Great Hunger Museum as Ollscoil Quinnipiac ag tabhairt taispeántas go Baile Átha Cliath agus an Sciobairín ar an bhliain seo chugainn dar teideal Coming Home: Art and the Great Hunger.  Tabharfaidh sé sin deis dúinne in Éirinn blaiseadh a fháil go pearsanta den bhailiúchán is fearr ar domhan d’ealaín a bhaineann leis an nGorta Mór.”

 

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:


Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848

Le linn an Ghorta Mhóir ba ag Teach an Chogaidh a tharla Éirí Amach 1848. Léiríonn an teach, atá ina Shéadchomhartha Náisiúnta faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí, stair an Ghorta agus an ollimirce, an t-éirí amach, trialacha ardtréasa agus péindíbirt cheannairí Éire Óg san Astráil agus mar a d’éalaigh siad go Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is anseo, faoi cheannaireacht an uaslathaí Phrotastúnaigh, William Smith O’Brien, M.P., a chuir reibiliúnaigh 47 oifigeach de chuid na bpóilíní faoi léigear tar éis dóibh iad féin a dhúnadh isteach i dteach feirme chlann McCormack, agus cúigear páistí a thógáil mar ghialla. Leis an taispeántas léirítear Éirí Amach an Ghorta Mhóir i gcomhthéacs 1848 mar Bhliain Réabhlóidí na hEorpa sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, san Ostair agus san Ungáir.

Tuilleadh eolais faoin searmanas:

Cuirfear tús leis an gclár le ceadal ceoil ó Bhanna Chluain Meala, a bunaíodh i 1971 agus atá ar cheann de na bannaí máirseála agus ceolchoirme is mó agus is rathúla in Éirinn.  Meastar go raibh suas le 2000 duine ina mbaill den bhanna sna 40+ bliain atá sé ar an bhfód, agus thug cuid mhór acu faoi ghairm i saol an cheoil ina dhiaidh sin. Ainmníodh iad mar Churaidh Bannaí Máirseála na hÉireann deich n-uaire agus rinne siad ionadaíocht ar Chluain Meala agus ar Éirinn trí thaisteal ar fud na hÉireann agus na hEorpa agus tá naisc cothaithe acu le heagraíochtaí bannaí eile, go háirithe san Ollainn.

Beidh an ceol le linn an tsearmanais á chur ar fáil ag an Cecilian Choir ón Scoil Ursalach i nDurlas.   Bunaíodh an cór níos mó ná 30 bliain ó shin, agus bronnadh an chéad áit i gComórtas Equal Voice na n-Iarbhunscoileanna orthu, ag Córfhéile Luimnigh níos luaithe i mbliana.

Beidh taibhithe ón Ollamh Mícheál Ó Súilleabháin le linn an tsearmanais freisin.  Is de bhunadh Chluain Meala é Mícheál agus tá cáil air as stíl uathúil Éireannach ar an bpianó, trína n-úsáidtear fuaimeanna an cheoil thraidisiúinta agus an cheoil chlaisicigh chomh maith le snagcheol agus foirmeacha domhanda eile ó am go ham.

Déanfaidh an file Michael Coady, ball d’Aosdána agus duine de bhunadh Charraig na Siúire agus Carmel O’Brien Amhrán na bPrátaí Dubha, a scríobh Máire Ní Dhroma as Rinn Ó gCuanach i gContae Phort Láirge le linn an Ghorta Mhóir, a léamh.  Léifidh Carmel O’Brien an bunleagan Gaeilge agus léifidh Michael Coady an leagan Béarla a d’aistrigh sé féin.

Ansin beidh dán James Clarence Mangan, Siberia, á léamh ag Aidan Mullally agus Abaigeal Maher ó Scoil Mhuire, Baile an Gharraí.

Beidh taibhiú ó na ceoltóirí áitiúla, The Mangled Badgers, roimh agus i ndiaidh an tsearmanais freisin.

Rinneadh scannán gearr dar teideal The Great Silence a choimisiúnú d’imeacht an lae inniu. Tá sé scríofa agus stiúrtha ag David Quin, a bhfuil cónaí air ar an gCoimín.

Beidh colláisí cruthaithe ag an ealaíontóir áitiúil, Katy Goodhue, ar taispeáint freisin chomh maith le saothair ealaíne ullmhaithe ag 250 páiste as na sé bunscoil áitiúla mar chuid de Thionscadal Tírdhreacha an Ghorta Mhóir i dTiobraid Árann. Rinneadh taispeántas de na saothair sin a oscailt i Halla an tSráidbhaile i mBaile an Gharraí Déardaoin an 28 Meán Fómhair.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service